letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de rosc catha na mumhan - the wolfe tones

Loading...

[verse 1]
d’aithníos féin gan bhréag ar fhuacht
‘s ar anfa thétis taobh le cuan
ar chanadh na n-éan go séiseach suairc
go gcasadh mo shéasar glé gan ghruaim

[chorus]
measaim gur subhach don mhumhain an fhuaim
‘s dá maireann go dubhach de chrú na mbua
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann ‘n-ár gceann ar cuairt

[verse 2]
tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin
ní taise don ré, ní théann fé neoil
tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil
nach fada bheidh gaeil i ngéibheann bróin

[chorus]
measaim gur súbhach don mhumhain an ceol
‘s dá maireann go dubhach de chrú na dtreon
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann ‘n-ár gceann fé sheol

[verse 3]
is annamh dom maidin ar amharc an lae
ná bainim chum reatha go farraige síos
mo dhearca dá leathadh ag faire de shíor
ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slí
[chorus]
measaim gur súbhach don mhumhain ‘s gur binn
‘s dá maireann go dubhach de chrú na rí
torann na long ag scoilteadh na dtonn
ag tarraingt go teann ‘n-ár gceann gan mhoill

[verse 4]
gach cruinníodh d’fhuil mhílе duine thréin
go ritheann ‘na chuisle dеn bhfíor-fhuil braon
do milleadh le dlíthe is do crádh le claon
go mbuailfidh sé buille le báire an tséin

[chorus]
measaim gur subhach don mhumhain i gcéin
‘s dá maireann go dubhach de chrú na dtréan
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann ‘n-ár gceann le faobhar
measaim gur subhach don mhumhain i gcéin
‘s dá maireann go dubhach de chrú na dtréan
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann ‘n-ár gceann le faobhar

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...