letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de oisin's song - the gloaming

Loading...

oisín is fada do shuan
éirigh suas is éist an salm
d’imthigh do lúth is d’imthigh do neart
gidh chuirtheá cath i ngleo gharbh
d’imthigh mo lúth is d’imthigh mo neart
ó nach maireann cath ag fionn
i gcléirchibh ní fhuil mo spéis
ceol dá n-éis ní binn liom
do chuirinn-se gliadh suas ar gcnoc
a phádraig, is docht do rún
is mairg duit do cháin mo chruth
is nach bhfuair mé guth ar dtús
chualas a ceol dob fhearr ná bhur a gceol
gidh mhór mholas tú an chliar
scaltarnach luin leitreach laoi
‘s an fhuaim do-níodh an dórd fiann
smólach ró-bhinn ghleanna an scáil
nó morgháir na mbarc le tráigh
ba bhinne liomsa trost na gcon
ná do scol-sa, a chléirigh cháidh
dhá ghadhar déag dobhí ag fionn
nuair do leigeadh iad fá ghlionn rath
ba bhinne ná a n-ádhbha ciúil
is a n-aghaidh ón tsiúir amach […]
nuair do shuidheadh fionn ar an gnoc
nuair do sheinneadh gan locht an dórd fiann
do chuireadh ‘na gcodladh an shluagh (?) ar a shluagh
le monabhar ba bhinne ná an chliar

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...