letra de an poc ar buile - the chieftains
ag gabháil dom sior chun droichead uí mhóradha
píce im dhóid ‘s mé ag dul i meithil
cé casfaí orm i gcuma ceoidh
ach pocán crón is é ar buile
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
do ritheamar trasna trí ruillógach
is do ghluais an comhrac ar fud na muinge
is treascairt do bhfuair sé sna turtóga
chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
níor fhág sé carraig go raibh scót ann
ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh
s’ansan sea do cháith sé an léim ba mhó
le fána mhór na faille bríce
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
bhí garda mór i mbaile an róistigh
is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh
do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann
s’dá bhríste nua do dhein sé giobail
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
i ndaingean uí chúis le haghaidh an tráthnóna
bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh
is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
a ghaibh an treo ar phocán buile
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
letras aleatórias
- axemaster › letra de ashes - axemaster
- mujeres › letra de ciudades y cicatrices - mujeres
- stories through storms › letra de rage - stories through storms
- killa fonic › letra de johnny cage - killa fonic
- maktub › letra de memory - maktub
- abrogation › letra de engelmacherin - abrogation
- hiraoka › letra de como siempre - hiraoka
- glooms › letra de voices - glooms
- brad mehldau and mark guiliana › letra de taming the dragon - brad mehldau and mark guiliana
- svaba ortak › letra de b-water - svaba ortak