letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de is crá liom thú - sreabhadh

Loading...

dúisigh chuile lá, intinn an fhíorchrá
as an ngontacht éirím ar mire mar gheall díreach ar’n bhfáth
deir “ní raibh sé sin ach tráth”
ní hé sin lom na fírinne
sin an slabhra a lascann tú i’m choinne, ag cur fola a bhíodh go daingneach liom
easpa braistinte, déine réimse
déanann tú feall orm arís
caitear stopadh i ndáiríre an t-am seo
“tosóimis úr” a deir tú
cén fáth a dhéanfaimis iarracht fiú
imchlúdaítear an dú-rún
‘s t’réis an ollbhrú lú
aga ama ‘s an t-imeall ‘tá sroichte
gearánta síoraí tagtha (chun tosaigh) túsdraíocht fite fuaite
an t-ionfharchtadh a bhfaca mé
go gliogarnach ionaim
go mbeire mé an ré liom
gineann duais-chúrsa ‘rís
draíocht i saíocht, cuir ceist ar an dáil a mhothaíonn an dís
conas a chrátar t’réis
míosa nár theastaigh uaim fanacht
mar gheall ar do lónadóireacht, táim ag crá le h-easpa threorach

ciogal crá, cúrsa grá
ag seasamh an fhóid
cliseadh na bliana
cuimhnigh go deo fad nach bhfuilim id’ ghéaga
nuair nach mbeidh sinn síor-óg
ingní na h-imní ag bualadh ar bhlaoiscín mo … chinn
caibidil theibí ‘g breathnú go … binn:
‘seo an sreabhadh fuinnimh ‘tá ag lonrú (mar airgead)… díom

golán, nuar ‘s olagón mar nathair na gcrann
rianta reoite ag greamú mar gha den fhonn
i ndoineann ‘s i soineann
táim fanta ann ar bhinse im scaoinse
screamha pianacha, ortha a ghineann
smaoineamh a bhfuil ann; seo hé do ghradam
“‘s glas iad na cnoic” a deirim, feictear todhchaí suite i lóchrann
trídscríobh mar aoi mar sreacfhéachaint i gcartlann
gan fhocal saonta le linn stuáilte mar snaidhm
gan fhocal saonta sa cheann le linn bheith im mhairtíreach
go móide mé clagarnach
arm’ thaobh mar a bhíodh mé i dtosach
gan a bheith faoin mbos féilíneach, tréan ionaim fós le coilm ann go coirpeach
thabharfainn uilig don sean-sreabhadh a bádh ina smaointe fhéin
de shíor ag lorg a bheith curtha ‘rais le béim
dorn na ndeonuithe ag cur i gcéill
ag tnúth le deireadh mar choirpeach
i ndiaidh (gach) aon deiridh ‘sé tús úr mangach

ciogal crá, cúrsa grá
ag seasamh an fhóid
cliseadh na bliana
cuimhnigh go deo fad nach bhfuilim id’ ghéaga
nuair nach mbeidh sinn síor-óg
ingní na h-imní ag bualadh ar bhlaoiscín mo … chinn
caibidil theibí ‘g breathnú go … binn:
‘seo an sreabhadh fuinnimh ‘tá ag lonrú (mar airgead)… díom

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...