letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de gathach - sreabhadh

Loading...

níl an saol simplí dúinn a thuilleadh, níl an imirce saonta i bhfad ón bhfilleadh
céarbh é ach i bpráta gátar; sloinne don phobail le cultúr i dtoilleadh
daththréig – scornach cóc cóch atá ann i ráib le coilleadh
in ionad feabhas a chur ar chinn, tá ‘n tiarna substainte i ndáiríre chun a bheith d’ár gcailleadh

táimid i bhfad ón ré-ór ar aghaidh, caithfimid an diabhal áit seo a ligean ar strae
feictear an méid sin ‘tá fanta sa chré i ngreim, leanann sé ort ‘sála i bhfí nei(de)
damhán alla dod’ thachtadh i gcreachadh ó do neamaite dé
‘sc-ma leis go dtaga tú – go leor, a stór, ar leac a thine – chuj nie!

bhímis uair inár bpáistí amháin, go bhfása muid suas ón óige fiáin
ach amárach lom láithreach – tailm – is tiarna substaint(e) thú le sáinn
nó a mhalairt, díreach ó nead go dtí cuasán gunna mar a bhíodh sé fadó
tá an domhan sean, ach leanann an fhadhb seo ar aghaidh i ndáiríre le cartaí tarót

níl an saol simplí dúinn a thuilleadh, nílimid ag tarchur ar’n tonnfhad céanna
caithfimid éalú blianta mar ghaineamh trí mhéara, ach ní trí mhéala –
éadóchas mar a bheas sé tada, fonn sula dtéann sé in éag
mearbhall, céard is ceart dom a dhéanamh anois, tabhair eochar don saol, go ndeisimid é

dúirt tú rogha tá sé togha táimid chun dul ag sladadh fogha
dúirt tú rogha tá sé togha táimid chun dul ag sladadh fogha
dúirt tú rogha tá sé togha táimid chun dul ag sladadh fogha
dúirt tú rogha tá sé togha táimid chun dul ag sladadh fogha

táimid difriúil mar dhaoine – screadaíl nárbh fhéidir dearmad a dhéanamh
cuar fola leat tríd an aer géar, éist do bhéal thar maos le h-iomarca
c-mhacht i sainaicme, ag roinneadh mic tíre ó chaoirigh
ag dáileadh i measc soitheach umhla a n-aineolas díreach mar shórt aoi-rí

maith an fear! lean ar aghaidh! czasami brakuje mi sił! to chlaj!
tá m’shaol líonta le h-allofón…crá croí, fáinne fí…
ach caithfea’ … is c-ma … fanta ann san if- ar shlat mo dhroma
fanta ann díreach ar feadh boma(ite)
nár aifrí dia orm é as a bheith im pheaca(ch)

táimid difriúil go coitianta, dobróin choróin insan stroighne
meas na ngiolla, fíniú i “mbláth cliath” atá muid an t-am seo teannta(ithe)
grianghraf an tsaoil iomlán mar alaghraf ‘tá ann i mboma(ite)
ach amháin gur diúgairí iad, éist, sin ráiteas na fírice

hey no, uair sa ló; gan ’bheith chomh beo níos mó
sreabhadh gaineamh trí mhéara géara
mar scagadh ama ach ní don chaora
géarchéim eisíoch don té ina shuan

éist do bhéal ‘s cogar go buan
an bhfeice go seice – i ndáiríre –
“táim gathach don andúil”

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...