letra de an draighneán donn - kyra shaughnessy
síleann céad fear gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
téann dhá dtrian síos díom a nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom
sneachta séite bheith dhá shíor-chur ar shliabh uí fhloinn
‘s go bhfuil mo ghrá mar a bhláth na n-áirní gabháil ar ‘n draighneán donn
fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
agus céad póg ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
lá léin ar an té (a) déarfadh nach tú mo ghean
is a(n) lá ina dhiaidh sin nach deas mar a d’éalóinn faoi na coillte leat
‘s nach fear gan chéill a théanns ag dréim leis an gcraobh bhíonns ard?
is crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a láimh
cé gurb ard é an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
is fásann sméara is bláth sú craobha ar an gcrann is ísle bláth
má thig tú choíche tar san oíche go cúl a’ tí
trathnóna nó go moch ar maidin nuair a bheas an drúcht ‘na luí
cé nach labhraim bím ag meabhrú go mór i mo chroí
is gur tú mo chéadsearc, is ní féidir mo chumha a chloí
letras aleatórias
- nikxyc › letra de 501 - nikxyc
- valley high › letra de that one too - valley high
- hidden citizens › letra de united - hidden citizens
- racionais mcs › letra de expresso da meia-noite - racionais mc's
- sea wolf › letra de where the wind blows - sea wolf
- symo › letra de don't cry mammy (it's only a rap) - symo
- mndr › letra de jump in - mndr
- pete the pirates › letra de motorbike - pete & the pirates
- southern boi › letra de untitled - southern boi
- sabrina starke › letra de you are my love - sabrina starke