letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de c.e.a.r.t.a - kneecap

Loading...

liricí do c.e.a.r.t.a le kneecap

[véarsa 1]
foc mí, ní fhaca mé na bastairdí
carr dubh ina bhfolach ar ár mullach is iad taobh istigh
seans ar bith, go bhfaighidh siad mo mhála md
mar tá cóisir ann anocht ‘s níl fáilte roimh an ruc

is gan dabht, tá mise ar bís
le dul síos ar an snaois arís ‘s arís
is ní stopfaidh mé go maidin mar nach socraím síos
agus fuair mé mála mór ket in ionad mo chíos

[véarsa 2]
níl tú ag focan éisteacht liom níl seo ina focan jóc
tá mé ag iarraidh a bheidh ag an chóisir leat ag ithe cúpla yokes
ag déanamh cúpla líne bhán don phúdar mín cóc
is tiocfaidh deireadh na hoíche ‘s béimid ar fad ag dul don smoke

ach má rugtar orainn inniú
is muidinne a bheas thíos leis i bhfháitiú na súl
mar tá na muca mór mire sa tóir ar ár meon
is beidh lucht maol maghaberry sa tóir ar mo thóin

[cúrfa]
c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

[véarsa 3]
duirt mé leat cheana, seo an chúis le balaclava
is féidir siúl. ar shiúl, ‘s ní aithneoidh siad táda
tá ‘gear’ is fearr in iarthar bhéal feirste againn le fada
cóc, speed, e’s agus moll marijuana
ag teacht isteach go ciúin fríd shléibhte chonamara

ag cóisireacht le tinky winky agus seamus barra
ní stopaim ón gheimhreadh fríd go dtí an tearrach
díolaim snaois le do mhaimeo, do mhac ‘s do chara
a íocann as má laethanta saoire ar an fhál carrach

[véarsa 4]
níl aon cathair nach bhfuil muid ann faoi lathair
doire, corcaigh agus fiú amháin d4
ag scriosadh na háite ar mhaithe le bheith saibhir
ansin ag déanamh snaois bhán le réaltaí tg4

so goitse anois, agus déanfaimid deifir
mar tá mise ró-stuama anois faoi lathair
agus beidh muid ag dul go maidin le rónán mac an rí
‘cause’ foc na riallacha atá ag rté

[cúrfa]

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

[véarsa 5]
tógadh mo chara agus muid ar an bhealach
cé gur thug mé smack ceart don gharda salach
bhí orm rith na bhaile agus dul ina bhfolach
mar bhí 10 kilo cóc taped ar mo bhrollach

anois ní sin le rá go raibh mé scanraithe
sure ní íocaim as an “toll” ar an m50
agus rachaidh muid ar aghaidh go dtí go bhfuil gach deor críochnaithe
raitneach dleathach in focan éire aontaithe

[idirlinn: garda]
“young man we caught you damaging public property
and you are coming to the station so we can talk properly”

[véarsa 6]
tá tú ag labhairt le kneecap is c-ma linn sa tsioc
bím ar facebook do mháthair ag w-nkáil like foc
ag streachailt do m’anáil mar tá do dheirfiúr fliuch
ag tabhairt greadadh do d’athair agus mé lom nocht

mar le tamall anois tá mé as mo mheabhair
déanfaidh mise a bheag duit agus tú os comhair
cibí, duine a bhí, mar chuid de do shaol
brisim achan riail, seachas focan caol le caol

[cúrfa]

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

[cúrfa]
c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

c.e.a.r.t.a
is c-ma liomsa foc faoi aon gharda
duidín lásta, tá mise ró-ghasta
ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...