letra de féach - k'la
féach
ná bíodh imní ort
ná bíodh faitíos ort roimh réimh
bí cinnte pé rud é atá le déanamh anois agat
go ndéanfaidh tú díreach i gceart é má chreideann
tú é
ná bíodh aon eagla ort
déan ar fad é mar a dhéanfadh tú é tú féin
bí cinnte treor a lorg ó dhuine éigin a thuigeann treor
ach muna bhfuil éinne ann, is c-ma, lorg é uait féin
ná bí ró-mhí-fhoighneach
tá chuile rud ag gluaiseacht ar a luas féin
is cinnte go dtiocfaidh aighneas chugat má bhíonn tú ró-mhí-fhoighneach
díreach bí cinnte gan do chos a chur faoi do choiscéim féin
seachain an dallamullóg
seachain an dallamullóg
seachain an dallamullóg
‘s ná, ná creid é má thuigeann tú é
féach cé chomh mór is atá na sléibhte
féach cé chomh mór is atá an fharraige
féach cé chomh mór is atá an domhan
i gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann
ná bíodh aon amhras ort
má tá ceist agat freagrófar é
fiú má thagann freagra chugat eolas ná fios feasa
caithfidh tú éirí arís san maidin leanacht ar aghaidh le do shaol
seachain srl
ná bí ró-chuthaileach
mar nach bhfuil aon fáth go mbeadh náire ort fút féin
tógadh tú mar a tógadh tú, is rugadh tú cár rugadh tú
má bhraitheann tú rud in easnamh beidh an leigheas ionat féin
seachain srl
mar má bhreathnaíonn tú air go géar b’fhéidir go bhfeicfidh tú é
má fheiceann tú go soiléar é b’fhéidir go dtuigfidh tú é
má thuigeann tú go léir é b’fhéidir go luascfaidh sé tú
nó go leigheasfaidh sé tú nó go luascfaidh sé tú
má thuigeann tú go dtuigeann tú, go dtuigeann tú
má thuigeann tú leat mé
féach cé chomh mór is atá na sléibhte
féach cé chomh mór is atá an fharraige
féach cé chomh mór is atá an domhan
i gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann
letras aleatórias
- brythreesixty › letra de iced out - brythreesixty
- lewis taylor › letra de lewis iv - lewis taylor
- ak › letra de fefe (remix) - ak
- eno • hyde › letra de on a grey day - eno • hyde
- ulises bueno › letra de la marca de la alianza - ulises bueno
- revant shergill › letra de baba theme - revant shergill
- nicki minaj › letra de run & hide - nicki minaj
- brightline › letra de with you - brightline
- mohsen chavoshi › letra de hamrahe khak arreh (along with the saw dust) - mohsen chavoshi
- nashville cast › letra de i'll waltz you home - nashville cast