letra de ni hé - imlé
[véarsa 1: mc muipeád]
d’oscail tú an doras, ach níor shiúil mé isteach
ní hé nach raibh mé ag iarraidh ach ní raibh mé in ann
mar bhí cúramaí ar leith agam a chuirfeadh droch spin
ar an seans do chaidreamh a d’fhásfadh idir eadrainn
ní hé nach raibh mé ag iarraidh tú a phógadh
ar na liopa, ar do leiceann agus ar do chliabhrach
go paiseanta ár gcuid lámha ag teacht le chéile
ár gcuid mothúcháin spreagtha le gach aon cinneadh
[cúrfa: ríona sally hartman]
chan mé ón áit is doimhne
leis an guth is fíre
is casfaidh mé timpeall
cé go bhfuil mé dall
le mo chiall slán
is casfaidh mé timpeall
[véarsa 2: mc muipeád]
ní hé nach raibh tú gleoite ní hé nach raibh tú briste
ní hé nach tú chuile shórt beo a bheinn ag iarraidh
ní hé nach raibh tú iontach mealltach ‘s ana chliste
ní hé nach b’in an rud a bheinn ag iarraidh de ghnáth
ní hé nach raibh tú uaim agus tú mo mhealladh
ní hé nach tú chuile shórt beo a bheinn ag iarraidh
de ghnáth ach ar an droch uair, ar an geábh seo
bhí sé do cheart ag an mbeirt againn dul a bhaile
[cúrfa: ríona sally hartman]
chan mé ón áit is doimhne
leis an guth is fíre
is casfaidh mé timpeall
cé go bhfuil mé dall
le mo chiall slán
is casfaidh mé timpeall
[bridge: mc muipeád & ríona sally hartman]
a bheith dána le chéile
ar nós is cuma linne
airím uaim
a bheith dána le chéile
a bheith dána le chéile
ar nós is cuma linne
airím uaim
a bheith dána le chéile
[pre-outro: ríona sally hartman]
fan liom anocht
cén dochar a bheas in oíche amháin
rún beag gan lucht
bain sult as an oíche seo
[outro: mc muipeád]
a bheith dána le chéile
a bheith dána le chéile
a bheith dána le chéile
le chéile, le chéile
letras aleatórias
- jam riv › letra de water leak - jam-riv
- the marvelous three the younger generation › letra de rappin all over - the marvelous three & the younger generation
- ted leo › letra de make me feel loved - ted leo
- saga can › letra de here i am - saga (can)
- erick rg › letra de ¿viniste porque te lo pedí? (interludio) - erick rg.
- riznut chilla jones › letra de at the top - riznut & chilla jones
- joven › letra de mein track - joven
- freddie dredd › letra de yellow love - freddie dredd
- lex gr › letra de χαρτζιλίκι (xartziliki) - lex (gr)
- lil tranquil independent › letra de yakuza - lil tranquil & independent