letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de buail aríst mé - imlé

Loading...

[véarsa 1]
ar mo rothar dom ag leanúint bealach na bó finne
réalt i mo bhéal is mé ag gluaiseacht níos mire
é tagtha anonn chugham ón tír fothoinn
mé ag canadh go hard, mé ag canadh go binn
trasna na habhann ansan ag droichead na hinse
soilse cairteacha os cionn pháirc an fhionnuisce
feadh na habhann soir go hionad an cheoil
mé ag bualadh le daoine chun piúnt nó dhó a ól

[curfá]
buail aríst mé
buail aríst mé
buail aríst mé

[véarsa 2]
thugas cúrsa timpeall chró an phoirt thoir
anso a thréigeas amhrán nuair a d’aistríos anoir
gíoscán inneall traenach ag taisteal go ciúin
gan tiománaí gan carbad ag gluaiseacht fé rún
crainn tógála crochta le soilse ildaite
méaranta eolais dom’ threorú féin abhaile
ar na ribí a bhíos is mé lánsásta liom féin
what the f-ck—caitheadh dem’ rothar mé

[curfá]
buail aríst mé
buail aríst mé
buail aríst mé

[véarsa 3]
come on ya pr-ck, you won’t get very far
cneadaíl crotaon ón mbeirt a bhí leis an bhfear
lasc ar mo dhrom is eascaine le m’éadan
caite liom bhí bata fite lena chuid feirge
sheasas is d’fhéachas ar an ngramaisc
cóip na sráide sáite i gcacamas
d’iarraidh sásamh a bhaint asam in aisce
níorbh aon sreang mise le freang a bhaint aisti

[curfá]
buail aríst mé le do dh-rn dúr
buail aríst mé is aríst an athuair
buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
is i láidreacht a théimse buille ar bhuille

[droichead]
[?]

buail aríst mé
buail aríst mé

ní hann duit ní hann do mo chorp
don’t you get it in you i place no worth
ní hann duit ní hann do mo chorp
don’t you get it in you i place no worth
ní hann duit ní hann do mo chorp
don’t you get it in you i place no worth
ní hann duit ní hann do mo chorp
don’t you get it in you i place no worth

[curfá]
buail aríst mé le do dh-rn dúr
buail aríst mé is aríst an athuair
buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
is i láidreacht a théimse buille ar bhuille
buail aríst mé le do dh-rn dúr
buail aríst mé is aríst an athuair
buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
is i láidreacht a théimse buille ar bhuille

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...