letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de an sagairtín - celia ní fhátharta

Loading...

is nach deas an sagairtín é stór mo chroí
nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
tá branda ó mhuire aige agus séala ó chríost
is tá sé ag triall chun an coláistí

tá an oíche seo dorcha agus tá sí fuar
‘gus tá sí ag goilliúint ar mo chroí go trom
mo stór a d’imigh uaim is nach bhfuil le fáil
is a bheas ag goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás

ó, éist a chailín deas is ná sil deoir
mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
ach baistfidh mé do leanbh duit le cúnamh dé
is dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ba leat mé féin

‘gus tháinig mé aréir ag an doras úd thall
agus lig mé fead ar mo mhíle grá
‘séard dúirt a hathair liom nach raibh sí ann
mar go raibh sí an oíche leis an mbuachaill bán

sé an trua gan mise is mo mhuirnín bán
ar bhord na loinge ag dul anonn le fán
an taoille ag tuile agus an taoille ag trá
is gan fios mo mhuintir an raibh muid ann

‘s dhá mbeadh mo mháithrín ar nós bean tí
ó, chóireodh sí leaba dhúinn i gceann an tí
bheadh cead agam imeacht is a theacht arís
is a dhul ar cuairt ag stór mo chroí

ó, níl mé tinn agus níl mé slán
séard a dúirt mo mhuintir go bhfaighinnse bás
a dhia is a chríost nach mór an feall
a bheith i ngrá le mnaoi is gan í agam le fáil

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...