letra de molly na gcuach ni chuilleanain - altan
ar meisce cha dtéim níos mó
braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
ó chaill mé mo chailín beag óg
a chuireadh i mo phócaí an t-airgead
curfá 1:
is fada liom uaim í, uaim í
is fada liom uaim í ó d’imigh sí
is fada liom thíos agus thuas í
molly na gcuach ní chuilleanáin
dhéanfaidh mé tigh ar an ard
is beidh ceithre ba bainne breaca agam
is ní ligfidh mé ‘n duine dá gcomhair
ach molly deas bhán ní chuilleanáin
(curfá 1)
curfá 2:
is fada liom uaim í, is fada liom uaim í
is fada liom uaim í ó d’imigh sí
is fada liom thíos agus thuas í
molly na gcuach ní chuilleanáin
dá mbeinnse i ndeacair an bháis
is na daoine a rá nach dtiocfainn as
ní dhéanfainn mo thiomna go brách
go dtiocfadh moll bhán ní chuilleanáin
(curfá 2, curfá 1)
bhí mise lá ar an choill
is tharla dom soilse bhrádóige
dhéanfadh sí marbhán beo
nó buachaill deas óg den tseanduine
(curfá 1, curfá 2 2x)
letras aleatórias
- hudson and guam › letra de still here - hudson and guam
- rels b › letra de al carajo - rels b
- just b polo › letra de there is a hell - just b. polo
- xeg › letra de do contra - xeg
- unknxwn › letra de bound - unknxwn
- half moon run › letra de flesh and blood - half moon run
- 7edco › letra de backwoods - 7edco
- nodie › letra de confident love - nodie
- e sosa › letra de actions of the wind - e sosa
- kevin a james › letra de dying eyes - kevin a. james