letra de róisín dubh - traditional
is fada an réim a léig mé léi ó inné ‘dtí inniu
trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;
an éirne is chaith mé ‘léim í, cé gur mór é an sruth;
‘s bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo róisín dubh
mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit
is go bhfuil m’anam istigh i ngean ort ‘s ní inné ná inniu;
d’fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth-
ná feall orm is mé i ngean ort, a róisín dubh
shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt
mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil
a chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
-‘s gurab í fíor-scoth na mumhan í, mo róisín dubh
dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo róisín dubh
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo róisín dubh
beidh an éirne ‘na tuiltibh tréana is réabfar cnoic
beidh an fharraige ‘na tonntaibh dearga is doirtfear fuil
beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith
lá éigin sul a n-éagfaidh mo róisín dubh
letras aleatórias
- letra de joseph was a tin man by maddy prior - maddy prior
- letra de mic control (4-track) - sublime
- letra de mama - les frères lumières
- letra de clash city rockers (original version) - the clash
- letra de never grow old - morse code
- letra de po męczącym dniu - bez cenzury
- letra de non è mai esistita verità - mauna
- letra de i will believe - ella hunt
- letra de walking with elephants - shakka
- letra de blk $ - mach-hommy & tha god fahim