letra de ócum an phríosúin - líadan
oh
molaim sú an ghráin eorna go deo deo is choíche
‘sé an trua nach raibh tóir ag rí seoirse ar a dhéanam
seán ford a bheith ina ghiúistís
‘sé a chomhairleodh na daoine
mar is é a chuir mise ag foghlaim le hócam a spíonadh
is ramsa dideldoram ’sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
oh
osclaíodh domsa an stór a raibh ócam thar maoil ann
is thug mé lán mo ghabhail liom mo dhóthain go ceann míosa
is nach mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall
nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnadh?
is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
tá an éireannach uí’dhomhnaill ina chodladh agus imníoch
nár ionsaigh na luchain a chuid ócaim san oíche
ar an maidin lá arna mhárach bhí móide ann á inseacht
“by daid” a deir an gobharnóir “tá an diabhal ar fad déanta!”
is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
‘s nach mise a bhíonn go tuirseach ag tochas is ag scríobadh
ag obair don eochróir a bhfuil eochair aige is míle
agus d’osclódh sé doirse agus glasannaí na héireann
is chuirfeadh sé na tincéirí na stiléirí i ngéibheann
is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
is nach mise a bhíonn go brónach gach domhnach is lá saoire
ag siúl anseo sa ngairdín i bhfáinne is mé ag dul timpeall
agus sileann mo chuid deora i gcónaí nuair a smaoiním
gur olc an obair dhomsa é a bheith i gcónaí ar an gcaoi seo
is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
is ramsa dideldoram ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
letras aleatórias
- letra de film - michał wrzosiński
- letra de titanic - evelina
- letra de sane (old) - rxmin
- letra de no lies - dl$ trapking
- letra de material girl - sima galanti
- letra de money girl - nitendo plectrum
- letra de précision létale - coeur de glace
- letra de слёзы (tears) - никиянг (nickyyoung)
- letra de оставайся (stay) - нимах (nimakh)
- letra de told you so - mauden