letra de an spailpín fánach - john spillane
liricí ó “an spailpín fánach” as john spillane
[véarsa 1]
go deo deo arís ní raghad go caiseal
ag díol ná ag reic mo shláinte
ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla
im scaoinse ar leataoibh sráide
bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill
dá fhiafraí an bhfuilim hírálta
“ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada”
seo ar siúl an spailpín fánach
[véarsa 2]
im spailpín fánach fágadh mise
ag seasadh ar mo shláinte
ag siúl an drúchta go moch ar maidin
‘s ag bailiú galair ráithe
ní fheicfear corrán im’ láimh chun bainte
súiste ná feac beag rainne
ach bratacha na bhfranncach os cionn mo leapan
is píce agam chun sáite
[véarsa 3]
mó chúig céad slán chun dúiche m’athar
‘gus chun an oileáin ghrámhair
is chun buachaillí na cúlach os díobh nár mhiste
in aimsir chasta an ghárda
ach anois ó táimse im chadhan bhocht dhealbh
imeasc na ndúichí fáin seo
‘sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm
bheith riamh im spailpín fánach
[véarsa 4]
is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad
thiar ag droichead gháile
fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga ghеala
agus capaill ann le h-áireamh
acht b’é toil chríost é gur cuireadh sinn asta
‘s go ndеaghamhar i leath ár sláinte
‘s gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn
“call here, you spailpín fánach”
[véarsa 5]
go deo deo arís ní raghad go caiseal
ag díol ná ag reic mo shláinte
ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla
im scaoinse ar leataoibh sráide
bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill
dá fhiafraí an bhfuilim hírálta
“ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada”
seo ar siúl an spailpín fánach
letras aleatórias
- letra de bortamatch - hov1
- letra de shoot it down - dead bang
- letra de intrigas - mckingvn
- letra de let the money flow - miss hermine, skye knepp
- letra de black and white - triumphant quartet
- letra de troupe - roy richh
- letra de portselanist tüdruk - terminaator
- letra de thanks to you - sinnamon
- letra de love - mdot 59
- letra de seu poder - lecrae & lukas agustinho