
letra de an buachaillín bhán - fs
tá mo chroí-se go tláth lag
‘s i lár mo chuid saothair
tagann lán tocht im chléibhse
cé nár mhéin liom é rá
tá an díbirt i ndán dom
ó bháin bheannaibh éireann
is fánach mo shaolsa
‘s is déarach mo chás
is cuimhin liom an tráth
úd a ghrá ghil na n-ae istigh
thugas grá searc is géilleadh
dod chaomh roisc thar chách
a rí ghil na n-árann
dob fhearr liom go n-éagfainn
i láthair mo ghaolta
is mo bhuachaillín bán
tá críoch inis failbhe
go lán fad’ i ndaor bhroid
go cráite ‘s go céasta
i ngéibhinn na namhad
nó an fíor nach foláir duit
go brách bheith go déarach
a oileáinín bhig mhaorga
na naomh is na mbard
ó guímse go hard
ar an ard athair naofa
chun ár agus léir-scrios
do dhéanamh ar sheán
do dhíbir na táinte
thar sáile ‘na gcéandta
‘s chuir fán orm féinig
óm’ bhuachaillín bán
letras aleatórias
- letra de you or me - ralfy the plug
- letra de hopeless disease (shattered version) - elezoria
- letra de dxzzy - shotgun shane
- letra de bbc boxing - fireman
- letra de worry - bôa (uk)
- letra de spare keys - 59 x reissue - starjuice
- letra de грустным (sad) - dannyopenthedoor
- letra de shh - bambii
- letra de snowman - osamason
- letra de fentanyl pt.1 - lil faso & centuu