letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de ag taisteal domh síos fá na cóstaí - bláth na hóige & megan nic ruairí

Loading...

liricí ó ag taisteal domh síos fá na cóstaí as megan nic ruairí

[véarsa 1]
ag taisteal domh síos fá na cóstaí
‘s mé ag imeacht gan bhuaireamh gan bhrón
‘s é ag casadh mé isteach tigh an óstaí
go gcaithfinn an oíche le spórt
cé ‘casadh mo shlí ach a’ spéirbhean
a chuir siabhrán ar m’aigneadh go deo
bhí loinnir na gréine ina héadan
is binneas na gcuach ina glór

[véarsa 2]
shuigh mé ar iáimh leis a’ spéirmhnaoi
bhí loinnir sna gloiní ar bord
bhí comhrá ‘gus caidreamh dá reir sin
ó ‘s a mhuire nár ródheas ár ndóigh
thug mé crios di de dhéanamh na gaeltacht
bhí breachtai’ le dealramh mar ór
agus blas rinn na feirste ‘na dhiaidh sin
ó mo dhia mhór ba mé bhí sa ghlóir

[véarsa 3]
ach mo léan géar ní mhaireann glóir shaolta
tig deireadh le caidreamh ‘s le ceol
tig duibheagán dúnta na hoíche
is théid gealach a’ tsonais faoi cheo
ach ma mhaireann muid beo agus bríomhar
beidh oícheannaí mór’ ann go fóill
mur’ dual dúinne suáilce ar a’ tsaol seo
beidh sí againn go síoraí sa ghlóir
[véarsa 4]
ár mbeannacht go deo leis an oíche
a chaith muid seal aoibhinn gan ghruaim
nach trua nach mairfeadh sí choíche
ach tá ‘n chinniúint seo cadránta cruaidh
tá ‘n tsíoraíocht fada ‘s níl críoch léi
ach cluinfear mé ‘caint as an uaigh
beidh an ghlao sin dhá anam ródhileas
faoi aon bhláth ‘nach smolann le fuacht

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...