letras.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

letra de athshondas - sreabhadh

Loading...

chonaic mé umam sa láib – sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
histéirigh – gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
drúis is ea rud nimhiúil a ghrá –
níl a fhios a’am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea?

ní ghráim a thuilleadh radachur im chomhluadar ‘mhuise i bhfulaingt chille
x-gha a léirigh an t-údar, scar a shrac díreach mar phúdar
i bhfios nár chailleadh tada ina sheasamh ar an mór-dhóchas
mungail-chogain i súil i ndeoir – cnúdánaí darb ainm “éad-fócas”

más sin é sinn, sa diabhal é linn? am caite i ndímheas
fuil ar láimh, bogaimis cré in uaigh tháimh
geallaim leanúint i ndáiríre, téarnamh trí fhuacht an gheimhridh
réimse athshondais i do shúile le deoir, bain leacht de ‘son mo shaoire

ní féidir liom d’armacas a mhothú san aimliú-bháisteach
“an maithfidh tú dom é?” – ceann na gcinn ar phléisiúir bhaolach
má tá orm an t-anam a shrac den chorp i bhfostú cuimhne seo
má chaithim díom mo chroí chuig bos do chosa ón gcruth
táim i m’aindiach sa séipéal le greim rugtha ar tua feasta
ó mhaidneachan an té ‘bé mo shaol ann leis an mbean feasa
má fhanaim marbh ar an gclár gearrtha le mothú imní ar a bhfuil
rian na ndeor clúdaithe ann le sneachta i muileann impí

chonaic mé umam sa láib – sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
histéirigh – gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
chonaic mé umam sa láib – sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
histéirigh – gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá

á bhrú ar do chineáltas – ‘s feicim é – an peannaire bréag
seachas fanacht le toitín ar an mbalcón – ‘bé sin é
i m’aonar anseo le gealach ‘s iomaí réalta
grá? lean ort i bhfad, ní féidir liom sin é a thuilleadh
lig dom mo chrá a éalú, tríd an bhfuinneoig
uilig a thabhairt? dul in éag mar a bheas sé ina shean-duilleog
réamh-chreachadh m’anam san eangach theibí – fós fanaim
ach tcím tríd an tine taibhse á nochtadh thall insan anam

fear maoithneach, monogamach ionam – tá brón orm
gaiscíoch aonair ag seasamh – imní – le srón ghorm
gach aon téacs a léamhas a bhí ina chéasadh
agus mo spéir ag caoineadh, an diagnóis ar fad a bhí ar fad doshéanta
déanaim uilig nach bhfaca an seomra im shúile gruama
ag rith uaim i dtromluí lena dtaibhrimh síoraí i screadaíl fuaime
réimse athshondais nuair a chonaic mise deoir i do shúile
buille croí – bás nó beatha deirim é – “absit invidia”!

chonaic mé umam sa láib – sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
histéirigh – gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
drúis is ea rud nimhiúil a ghrá –
níl a fhios a’am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea?
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá
drúis is ea rud nimhiúil a ghrá –
níl a fhios a’am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea?
caidreamh gangaideach a chuir ciall ann – ar do nós – níl deora fá

letras aleatórias

MAIS ACESSADOS

Loading...